Bhí an fuinneamh a ghin an ghaoth mí Dheireadh Fómhair ar an tríú leibhéal is airde riamh, de réir figiúirí nua ó Fhuinneamh Gaoithe Éireann.
Léiríonn na figiúirí is déanaí gur chuir fuinneamh gaoithe 35% de leictreachas ar fáil in Éirinn an mhí seo caite, agus gur 4% a tháinig ón ngriamchumhacht agus ó fhoinsí eile inathnuaite.
Ciallaíonn sé gur ghin feirmeacha gaoithe beagnach an tríú cuid de leictreachas na tíre sa chéad 10 mí den bhliain.
Ach deir Fuinneamh Gaoithe Éireann, cé gur sháraigh 2023 gach bliain roimpi maidir le fuinneamh ón ngaoth, táthar ag súil go dtitfidh an figiúr in 2024.
Taróidh seo, a deir siad, i bpáirt mar gheall ar fhuinneamh gaoithe a bheith caillte de bharr an gréasán leictreachais gan bheith sách láidir leis an bhfuinneamh a iompar.
Nuair a tharlaíonn sé seo, tugtar treoir d’fheirmeacha gaoithe an méid cumhachta a tháirgeann siad a laghdú nó a mhúchadh go hiomlán, rud a chiallaíonn go n-úsáidfear níos mó breoslaí iontaise.
Cé gur éirigh go maith le feirmeacha gaoithe na hÉireann mí Dheireadh Fómhair, tá súil gurb í 2024 an bhliain is measa fós maidir le fuinneamh a chur amú, dar le Justin Moran ó Fhuinneamh Gaoithe Éireann.
Deir sé gur cailleadh 14% de tháirgeadh fuinnimh gaoithe sa chéad trí ráithe den bhliain de bharr dhúshláín leis an ngréasán tarchurtha.
Tháinig laghdú 26% ar an meánchostas a bhain le meigeavata-uair an chloig leictreachais ar na laethanta ba mhó cumhacht gaoithe.
Tháirg Ciarraí níos mó cumhacht gaoithe ná aon chontae eile mí Dheireadh Fómhair. Bhí Corcaigh, Maigh Eo, Gaillimh agus Tiobraid Árann sna sála ar Chiarraí.
Léiríonn na figiúirí freisin gur tháirg Ciarraí, Corcaigh agus Maigh Eo breis agus an cheathrú cuid de chumhacht gaoithe na hÉireann an mhí seo caite.
Dúirt an tUasal Moran go raibh ról ollmhór ag contaetha ar nós Chiarraí maidir i laghdú na n-astuithe carbóin de bhreis agus ceithre mhilliún tonna sa bhliain.