Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Buíochas mhuintir Mháire Uí Fhártharta don phobal cuardaigh

18 SAMHAIN 2024, 20:16

Fionnuala agus Eoghan Ó Fátharta ar Thrá na gCeann inniu
Twitter Facebook

Tá a mbuíochas gafa ag muintir Mháire Uí Fhátharta, an bhean óg as ceantar an Spidéil i gCo. na Gaillimhe atá ar iarraidh le beagnach seachtain anois.

Deir a deirfiúr Fionnuala go raibh an chlann an-bhuíoch as na céadta agus b'fhéidir na mílte atá tagtha as na ceithre hairde le páirt a ghlacadh sa chuardach dá deirfiúr.

Duine fuinniúil agus díograiseach í Máire, a deir Fionnuala, nach dtabharfadh suas go brách ar rud éigin go mbeadh sé críochnaithe agus go mbeadh gach duine timpeall uirthi sásta.

Coinnigí ag teacht, a dúirt sí, mar tá 'chuile chúnamh ag teastáil uainn go dtiocfaidh Máire abhaile.

Dúirt a deartháir le Nuacht TG4 inniu go gcuirfí fáilte roimh aon duine aon am den lá teacht agus páirt a ghlacadh sa chuardach. Coinnigí an misneach, a dúirt sé, ar Thrá na gCeann an áit a ndeachaigh a deirfiúr ar iarraidh.

Dé Máirt seo caite a cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála, nuair nár tháinig Máir Ní Fhátharta ag an obair, agus thosaigh an cuardach ó Thrá na gCeann. Bhí an fharraige ina calm an mhaidin úd, ach bhí ceo trom ann.

Chuaigh beirt ar iarraidh ón trá sin an mhaidin chéanna. Fuarthas corp Johnny Duhan an cumadóir amhrán roinnt uaireanta a chloig ó shin soir ón láthair i dtreo na cathrach.

Tá buíonta i mbun cuardaigh ar an gcladach lá agus oíche ar an dá thaobh de Chuan na Gaillimhe ó shin, ach níl Máire faighte fós.