Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gealltanas Shinn Féin maidir le RTÉ cáinte ag Harris agus Martin

20 SAMHAIN 2024, 19:14

Amhras caite ar oibiachtúlacht RTÉ ag Sinn Féin
Twitter Facebook

Tá gealltanas Shinn Féin athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar oibiachtúlacht RTÉ maidir leis an ollmharú in Gaza cáinte ag ceannaire Fhine Gael, an Taoiseach Simon Harris, agus ag ceannaire Fhianna Fáil, an Tánaiste Micheál Martin.

Tá an gealltanas san fhorógra toghcháin a d'fhoilsigh Sinn Féin inné.

Agus iad ar a mbealach isteach sa chruinniú deiridh den Chomhaireacht roimh an olltoghchán, dúirt Simon Harris go raibh sé dochreidte a leithéid de ghealltanas a bheith i bhforógra toghcháin in aon daonlathas feidhmiúil.

Rosc catha atá ann, arsa sé, don dream a chreideann i gcomhchealga gan aon bhunús agus mhaígh go mbainfeadh athbhreithniú mar é an bonn de shaoirse na meán cumarsáide.

D'iarr Simon Harris ar cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, an gealltanas a tharraingt siar.

Mhaígh Micheál Martin gur moladh contúirteach a bhí i ngealltanas Shinn Féin agus dúirt nach bhfuil sé de cheart ag aon pháirtí polaitíochta coiste a bhunú le meán cumarsáide ar bith a fhiosrú, bíodh údar gearáin acu nó ná bíodh, go háirithe ó tá Coimisiún na Meán ann cheana féin.

Chuir an moladh alltacht air, a dúirt sé.

Dúirt Mary Lou McDonald tráthnóna inniu gur thuig sí go gcaithfeadh neamhspleáchas eagarthóireachta a bheith ag RTÉ agus gheall sí gur piarmheasúnú a bheadh san athbhreithniú.

Chuige sin, arsa sí, ní bheadh aon bhaint ag polaiteoirí leis an athbhreithniú agus dúirt gur saineolaithe cearta daonnna agus iriseoireachta a thabharfadh faoi.

Dúirt sí gurbh é an aidhm a bheadh leis an athbhreithniú muinín an phobail in RTÉ a chothú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ