Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Líon cásanna den fhliú dúbailte le mí'

18 NOLLAIG 2024, 18:30

'Níos mó daoine ag teacht chuig rannóga éigeandála na n-ospidéal le gairid'
Twitter Facebook

Tá an líon cásanna den fhliú i measc an phobail dúbailte le ceithre seachtaine, dar le ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Bernard Gloster.

Dúirt sé go raibh galair riospráide eile ag scaipeadh go tréan freisin, Covid-19 ina measc.

Taifeadadh 1,845 cás de ghalair riospráide an tseachtain seo caite ar chásanna den fhliú beagnach 1,000 acu, arsa Bernard Gloster.

Fágann sin, a dúirt sé, go bhfuil a lán daoine ag teacht chuig rannóga éigeandála na n-ospidéal agus go bhfuil an bhroid oibre atá ar an bhfoireann leighis ag géarú an t-am ar fad.

Thug sé le fios gur tháinig 4,600 duine os cionn 75 bliain d'aois chuig rannóga éigeandála an tseachtain seo caite, daoine a raibh galar riospráide orthu ina measc.

Tá imní ar Bernard Gloster chomh maith, a dúirt sé, go méadóidh an líon cásanna fliú tuilleadh as seo go ceann coicíse.

Má mhéadaíonn, arsa sé, tá beartais curtha i bhfeidhm le dul i ngleic le haon ghéarchéim, lena n-áirítear breis dochtúirí teaghlaigh a bheith ar fáil agus iad a bheith ar fáil níos minice.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ