Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gan aon ghlacadh ag Micheál Martin le 'cur i gcéill' an fhreasúra

18 NOLLAIG 2024, 23:37

Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin
Twitter Facebook

Dealraítear gur tugadh ar aghaidh ón Dáil dheireanach an seanfhaltanas idir an Rialtas agus an freasúra nuair a tháinig an Dáil nua le chéile inniu.

Ní raibh aon ghlacadh ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin le moladh Shinn Féin ceannaire an pháirtí sin Mary Lou McDonald a ainmniú mar Thaoiseach.

"Cur i gcéill" agus "déanamh gaisce" a bhí sa mholadh, arsa sé.

Ba é an Teachta Pearse Doherty a mhol Mary Lou McDonald mar Thaoiseach agus thacaigh an Teachta nuathofa Joanna Byrne leis an moladh sin.

Pearse Doherty agus Mary Lou McDonald ag dul isteach i dTeach Laighean inniu

Níos luaithe, dúirt ceannaire Fhine Gael Simon Harris nach molfadh a pháirtí féin aon duine mar Thaoiseach inniu mar gur éadóichí go dtoghfaí aon duine ná go mbunófaí rialtas nua inniu.

Thug Simon Harris le fios go raibh comhráite faoi lán seoil maidir le rialtas nua a bhunú agus dúirt nach mbeidís críochnaithe go ceann tamaill eile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ