Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt fhear gafa faoi phlean duine nó daoine a dhúnmharú

19 NOLLAIG 2024, 17:36

An piostal agus na piléir a fuair na Gardaí in iarthar Bhaile Átha Cliath arú inné
Twitter Facebook

Tá beirt fhear gafa ag na Gardaí agus tá gunna agus armlón tógtha acu mar chuid d'fhiosrúchán faoi phlean a chreideann siad a bhí ann le duine nó daoine a dhúnmharú in iarthar Bhaile Átha Cliath.

Gabhadh an bheirt fhear, atá sna tríochaidí agus sna daichidí, nuair a stop na Gardaí feithicil ar Ascaill Rualaí i gCluain Dolcáin tráthnóna Dé Máirt seo caite.

Fuair siad piostal leath-uathoibríoch den déanamh Glock agus roinnt piléar nuair a chuardaigh siad an fheithicil.

Ina dhiaidh sin, chuardaigh na Gardaí ocht n-ionad déag i mBaile Átha Cliath agus dhá chillín i bPríosún Phort Laoise mar chuid dá bhfiosrúchán.

Tá scrúdú fóiréinseach á dhéanamh ar an ngunna agus ar an armlón.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ