Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Pianbhreith gearrtha ar fhear as athair agus iníon a mharú

19 NOLLAIG 2024, 19:02

Anthony O'Brien agus a iníon Nadine (Pic: Kerry's Eye)
Twitter Facebook

Gearradh sé bliana go leith príosúin ar fhear 37 bliain d'aois a phléadáil ciontach i bhfear agus a iníon óg a mharú i dTrá Lí i gCo Chiarraí dhá bhliain déag go leith ó shin.

Bhásaigh Anthony O'Brien, 30 bliain, agus a iníon Nadine, a bhí cúig bliana, nuair a chuaigh a dteach cónaithe trí thine i mí na Bealtaine 2012.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil dhá mhí ó shin, phléadáil Philip Griffin ciontach i ndúnorgain na beirte.

Ag 2 a chlog ar maidin ar an 12 Bealtaine 2012 a lasadh teach mhuintir O'Brien in eastát Arda an Chillín i dTrá Lí.

Philip Griffin

D'éirigh le Anthony O'Brien a bhean chéile Kelly a scaoileadh síos go talamh as fuinneog sheomra leapa ach faoin am a chuaigh sé faoi chomhair Nadine bhí an tine tar éis leathadh.

Fuair na seirbhísí éigeandála coirp na beirte sa teach ina dhiaidh sin, an iníon ina bhaclainn ag an athair.

Chreid na Gardaí ar feadh na mblianta gur tionóisc a bhí sa dóiteán go dtí gur admhaigh Philip Griffin gur las é sé féin agus fear eile an áit mar gheall ar aighneas faoi dhrugaí.

Dúirt sé gur admhaigh sé an choir mar go raibh aiféala an domhain air faoina raibh déanta aige.

Bhí Kelly O'Brien sa chúirt inniu agus dúirt go raibh samhnas uirthi faoina ghiorra atá an téarma príosúin a gearradh ar an gciontóir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ