Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear a gabhadh faoi bhás mná i gCo Loch Garman scaoilte saor

20 NOLLAIG 2024, 09:02

Paula Lawlor a bhfuil a bás á fhiosrú ag Gardaí i gCo Loch Garman
Twitter Facebook

Tá fear sna tríochaidí a gabhadh maidir le bás mná i gCo Loch Garman inné scaoilte saor gan aon chúis a chur ina leith. Deir na Gardaí go réiteofar comhad le haghaidh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Fuarthas Paula Lawlor gan mheabhair gan arann i dteach i gceantar Bhaile Eoghain i nGuaire ag thart ar 3 a chlog ar maidin inné agus bhásaigh sí go gairid ina dhiaidh sin.

Bhí Paula Lawlor 32 bliain d'aois agus bhí leanbh amháin aici.

Rinneadh scrúdú iarbháis ar a corp tráthnóna inné ach níl na torthaí curtha ar fáil ag na Gardaí go fóill agus an fiosrúchán fós ina thús.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ