Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bord na Móna cáinte faoi shliseanna adhmaid a iompórtáil le dó

20 NOLLAIG 2024, 15:26

Long lastais an Dynagreen i gCalafort na Sionainne agus Fhainge, Co Luimnigh
Twitter Facebook

Le Tomás Ó Mainnín

Tá Bord na Móna cáinte go láidir ag an Taisce faoi shliseanna adhmaid a iompórtail ó Mheiriceá Theas le dó mar ábhar ginte cumhachta.

Tugadh na sliseanna adhmaid ón mBrasaíl go Calafort Fhainge i gCo Luimnigh ar long mhór lastais le déanaí, sin turas 7,500 ciliméadar.

Tá sé d'acmhainn ag an long, an Dynagreen, 40,000 tonna de shliseanna adhmaid a iompar.

Tuigtear do Nuacht RTÉ go bhfuil na sliseanna adhmaid le tabhairt go dtí ionad ginte cumhachta Bhord na Móna in Éadan Doire i gCo Uíbh Fhailí.

Ionad ginte cumhachta Bhord na Móna in Éadan Doire

Deir Bord na Móna go bhfaigheann siad an chuid is mó den ábhar bithmhaise a dhónn siad ó fhoinsí sa tír seo.

Deir siad leis nach bhfuil aon rogha acu ach cuid den ábhar a fháil ó fhoinsí idirnáisiúnta agus go ndéanann siad é sin i gcomhpháirtíocht le heagraíocht neamhbhrabúis a thacaíonn le bainistíocht talún sna tíortha atá i gceist.

Dar le Bord na Móna go ndéanann an eagraíocht neamhbhrabúis úd iniúchadh ar a son chomh maith ar na háiteanna ina bhfásann na crainn.

Os a choinne sin, áfach, deir an Taisce gur ag cur i gcéill atá an tír seo maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú nuair atá adhmad á iompórtáil ó Mheiriceá Theas agus á dhó chun fuinneamh a ghiniúint.

Tá an Taisce ag achainí ar Bhord na Móna éirí as an gcleachtas sin agus díriú feasta ar fhuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite.

D'fhiafraigh Nuacht RTÉ de Bhord na Móna cé mhéad tonna de shliseanna adhmaid atá iompórtáilte acu go dtí seo agus an bhfuil sé beartaithe acu tuilleadh a thabhairt isteach sa tír.

Ní bhfuaireamar freagra fós.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ