Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Donald Trump insealbhaithe mar Uachtarán na Stát Aontaithe

20 EANÁIR 2025, 19:33

Donald Trump ag glacadh le mionn na huacharánachta in Washington DC
Twitter Facebook

Ag searmanas in Washington DC inniu, insealbhaíodh go hoifigiúil Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe den dara huair.

In óráid bhladhmannach mhórfhoclach a thug sé i dTeach na Comhdhála ar Chnoc an Chaipeatóil, gheall Donald Trump go leor.

Dúirt sé, cuir i gcás, go mbeadh arm na Stát Aontaithe "ar an arm ba láidre riamh ar domhan arís, mar a bhí in 2017" (an uair dheireanach a insealbhaíodh mar uachtarán é).

Ní le dul i gcoimhlint amháin a chuirfí le hacmhainn an airm, arsa sé, ach le deireadh a chur le coimhlintí agus lena gcosc chomh maith.

Mhaígh Donald Trump freisin go raibh éigeandáil náisiúnta fuinnimh ann agus thug le fios go rachfaí i muinín na mianadóireachta idir muir agus thír lena mhaolú.

Leathuair an chloig a mhair óráid Donald Trump i dTeach na Comhdhála

Níorbh in an t-aon éigeandáil a d'fhógair sé ina óráid.

Dar leis go bhfuil éigeandáil daoine ann chomh maith – ar theorainn na Stát Aontaithe le Meicsiceo – agus dúirt go raibh rún aige "na milliúin agus na milliúin coimhthíoch coiriúil a sheoladh ar ais chuig na háiteanna as ar tháinig siad".

Ní raibh deireadh ráite aige faoi Mheicsiceo leis an méid sin, áfach. Gheall sé freisin ainm Mhurascaill Mheicsiceo a athrú go "Murascaill Mheiriceá".

Níorbh in deireadh ach oiread lena thuras ar Mheiriceá Láir arae gheall sé Canáil Phanama "a thógáil ar ais".

As sin, thug Donald Trump aghaidh ar na spéartha. D'fhógair sé go leanfadh Meiriceá "conair a cinniúna chun na réaltaí" agus gheall go gcuirfeadh spásairí na tíre bratach náisiúnta na Stát Aontaithe i dtalamh an phláinéid Mars.

Labhair Trump ar dhá "éigeandáil" éagsúla le linn a óráide

Ar ais ar domhan dó, d'fhógair an tUachtarán Trump gurb é polasaí Rialtas Mheiriceá ó inniu nach bhfuil ach dhá inscne ann – fireann agus baineann.

Mar fhocal scoir, dúirt sé gur "linne an todhchaí" agus go raibh "tús curtha lenár ré órga".

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ