Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Léirsithe sa Danmhairg agus sa Ghraonlainn

17 EANÁIR 2026, 17:10

An Ghraonlainn go mór faoi bhagairt
Twitter Facebook

Tá léirsithe móra faoi láthair sa Danmhairg agus sa Ghraonlainn.

Baineann siad seo leis an mbeartas atá phleanáil ag Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump seilbh a ghlacadh ar an Ghraonlainn.

Tháinig na mílte amach i bpríomhchathair na Graonlainne,Nuuk.

People hold Greenlandic flags and placards as they gather to march in protest against US President Donald Trump and his announced intent to acquire Greenland
Léirsiú sa Ghraonlainn

Bhi Príomh-Aire na Graonlainne,Jens-Frederik Nielsen i measc lucht an léirsithe.

Bhí brat na Graonlainne á iompar ag cuid mhaith daoine sa slua, chualathas gártha tírghrácha chomh maith le hamhráin thraidisiúnta á gcanadh.

Chaith roinnt mhaith daoine caipíní agus é scríofa orthu go bhfanfadh Meiriceá glan ar a dtír; 'Make America Go Away'.

Tháinig na mílte duine amach ar na sráideanna i bpríomhchathair na Danmhairge,Copenhagen chomh maith.

Bhailigh siad thart timpeall halla mór na cathrach inniu áit a raibh toscaireacht de chuid Thithe na Comhdhála ar cuairt, ina measc an Seanadóir ón bPáirtí Daonlathach,Chris Coons atá go mór i gcoinne a bhfuil beartaithe ag Donald Trump.

Dúirt Chris Coons inniu go bhfuil go leor Meiriceánach ar aon intinn leis.

Tá sé bagartha ag an Uachtarán Trump go ngearrfaidh sé taraifí ar aon tír a chuireann i gcoinne a chuid pleananna seilbh a ghlacadh ar an Ghraonlainn.

Deir seisean go dteastaíonn an t-oileán seo uaidh san Aigéan Artach ar mhaithe le slándáil náisiúnta na Stát Aontaithe.