Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gearáin Fhoirmiúla

 

Próiseas Maidir le Gearáin TG4

Aiseolas

Cuireann TG4 fáilte roimh aiseolas ón lucht féachana.
Fáiltíonn muid roimh aiseolas maidir le cláir TG4 agus roinneann muid sin le foireann eagarthóireachta TG4 mar léargas luachmhar ar thuairimí an lucht féachana.
Más mian leat an próiseas aiseolais seo a fháil, bain úsáid as an nasc seo a leanas:


nó déan teagmháil linn ag eolas@dev.tg4.ie
 
 
Próiseas maidir le Gearáin Fhoirmiúla

Tá idirdhealú shoiléir idir próiseas maidir le gearáin fhoirmiúla reachtúla agus tuairimí nó aiseolas faoi chlár a roinnt le TG4.
Tá dlite ar na craoltóirí ar fad faoin Acht Craolacháin, 2009, (Alt 47 & Alt 48) gnás oibre a chur ar bun maidir le déileáil le gearáin.

Tá Cód Cleachtais ar láimhseáil gearán TG4 ar fáil anseo: Láimhsiú Gearán TG4
 
Más mian le duine gearán foirmiúil a dhéanamh faoi chraoladh ar TG4, is gá coinníollacha áirithe a leanúint chun cuidiú leis an gcraoltóir nuair atá an gearán á phróiseáil. Ní mór gach gearán a dhéanamh níos lú ná 30 lá tar éis an dáta craolta. Tá 20 lá oibre ag TG4 le freagra a thabhairt.
 
Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh faoi chraoladh ar TG4, comhlánaigh an fhoirm gearán seo a leanas:
 


 
Nó seol ríomhphost chuig gearan@dev.tg4.ie
 
Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas sa ríomhphost:

  • Ainm | Seoladh | Sonraí Teagmhála
  • Teideal an Chláir | Dáta & Am Craolta
  • Sonraí agus cúis do ghearáin
  • Cén Riail/Prionsabal atá sonraithe sa Chód Craolacháin atá sáraithe dár leat

 
Tá teacht ar na Cóid Chraolacháin ábhartha sin ar shuíomh gréasáin Údarás Craolacháin na hÉireann – Cliceáil Anseo
 
Is féidir le duine den phobal gearán a dhéanamh le hÚdarás Craolacháin na hÉireann mura mbítear sásta leis an bhfreagra a thugann TG4 ar ghearán. Ní mór na gearáin a bheith curtha ar aghaidh chuig Údarás Craolacháin na hÉireann laistigh de cheithre lá dhéag i ndiaidh freagra a fháil nó ar an dáta ina raibh an freagra ó TG4 dlite.