Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An t-iriseoir Niall Martin tar éis bháis

17 EANÁIR 2026, 12:09

Niall Martin atá ar shlí na fírinne
Twitter Facebook

Tá an t-iriseoir le Nuacht RTÉ,Niall Martin tar éis bháis.

Bhí sé tinn le tamall gairid.

Tháinig Niall Martin isteach go RTÉ i 1988.

Rinneadh Eagarthóir Cláir dhe ar an gclár raidió,Morning Ireland sa bhliain 2000.

Sa bhliain 2010 chuaigh sé leis an gclár Nationwide.

Dúirt Eagarthóir Bainistíochta Nuacht RTÉ,Deirdre McCarthy gur fear é Niall Martin a bhí lán de smaointe agus an-chruthaitheach.

Dúirt sí freisin gur fear thar a bheith cineálta agus flaithiúil a bhí ann.