Tá cúigear maraithe i sliabhraon na nAlp san Ostair.
Dha mhaidhm shneachta a tharla ba thruaig leis an tubaiste.
Maraíodh ceathrar nuair a bhuail ceann de na maidhmeanna iad agus iad i mbun scíála le fána sléibhe i Pongau lámh le cathair Salzburg.
Níos túisce sa lá maraíodh duine eile i mbun scíála sa cheantar céanna.
Le seachtain anuas tá 14 duine maraithe ag ionaid scíála sna hAlpa san Ostair, sa bhFrainc agus san Eilvéis.
Tá an titim sneachta trom go leor an tráth seo bliana thall ansin agus is é is cúis leis na maidhmeanna marfacha seo.



