Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

9,500 teach ar fud an Stáit a bhfuil brící lochtacha iontu

10 FEABHRA 2026, 12:27

Balla tí ag sceitheadh i gCo Dhún na Gall
Twitter Facebook

Meastar go bhfuil líon na dtithe ar fud an Stáit a bhfuil brící agus bloic lochtacha iontu ardaithe anois go 9,500 teach agus gur i gCo Dhún na nGall atá 6,500 díobh.

Sin de réir an eolais atá curtha ar fáil ag Cumann na gComhairlí Contae agus Cathrach don Chomhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht.

Tá an coiste sin le teacht le chéile i dTeach Laighean inniu le Scéim na mBloc Lochtach a phlé.

Faoin scéim sin, tugtar tacaíocht airgeadais do dhaoine lena dtithe a dheisiú agus clúdaíonn sé 100% den obair dheisiúcháin suas go huasmhéid de €420,000.

Bloic agus brící a bhfuil na mianraí míoca agus pirít iontu a sceitheann ballaí dá mbarr is ea údar an oilc.

Beidh ionadaithe ó ghrúpaí feachtais, ó Chumann na gComhairlí Contae agus Cathrach, ón nGníomhaireacht Tithíochta, ó Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, ó Innealtóirí Éireann agus ón gComhairle um Thithíocht Shóisialta i láthair an chruinnithe i dTeach Laighean tráthnóna.

Is tithe príobháideacha a chlúdaítear faoi Scéim na mBloc Lochtach ach tá an Chomhairle um Thithíocht Shóisialta ag iarraidh go gcuirfí scéim cúitimh ar fáil dá n-earnáil féin chomh maith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ