Níos deireanaí inniu, glacfar an chéad chéim eile i bplean an Rialtais deireadh a chur leis an teorainn atá leis an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
I gcruinniú Rialtais trathnóna, iarrfaidh an tAire Iompair Darragh O'Brien ar a chomhghleacaithe sa Chomhaireacht tacú leis an reachtaíocht atá dréachtaithe aige chuige sin.
De réir na reachtaíochta nua, beidh cead ag an Aire Iompair feasta an teorainn de 32 milliún paisinéir sa bhliain atá ann faoi láthair a leasú nó a chur ar ceal, nó cosc a chur ar aon teorainn nua a mholfaí san am le teacht.
Tugadh an teorainn isteach a chéaduair in 2007 mar cheann de na coinníollacha a bhain leis an gcead pleanála a tugadh do Chríochfort 2 san aerfort.
Bhí 23 milliún paisinéir ag an aerfort an bhliain sin ach tá an teorainn de 32 milliún paisinéir sáraithe ó shin.
36.4 milliún paisinéir a bhí ag an aerfort anuraidh, an líon ba mhó riamh.
De réir na bhfigiúirí míosúla is deireanaí, bhí méadú de 14% ar an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite, i gcomparáid le mí Eanáir anuraidh.
2.48 milliún paisinéir a bhí ag an aerfort an mhí seo caite, an líon ba mhó riamh in aon mhí amháin.
Mar atá an scéal, níl an teorainn á chur i bhfeidhm mar go bhfuil a dhúshlán á thabhairt sna cúirteanna ag aerlínte éagsúla.
Tá na cásanna sin curtha faoi bhráid chúirteanna an Aontais Eorpaigh ag an Ard-Chúirt.
Gealladh sa Chlár Rialtais deireadh a chur leis teorainn atá leis an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


