Sa Chúirt Achomhairc Choiriúil, leanadh leis an achomharc atá John McDonagh as an gCeathrú Rua i gConamara a dhéanamh in aghaidh a chiontaithe i ndúnmharú agus in éigniú déagóra i 1998.
In 2001, ciontaíodh John McDonagh, atá 52 bliain d'aois anois, in éigniú agus i ndúnmharú Shiobháin Ní Eidhin, cailín scoile seacht mbliana déag d'aois, as Leitir Móir i gConamara.
Tá John McDonagh ag iarraidh go ndéanfaí atástáil ar fhianaise fhóiréinseach a bhain lena chiontú.
Cuireadh siar an cás i dtús mhí na Nollag le go bhféadfadh triúr saineolaithe fóiréinseacha fianaise a thabhairt os comhair na cúirte inniu.
Duine acu, an Dr Clare Jarman, a thug fianaise ar son an chiontaigh, dúirt sí go mb'fhiú tástáil a dhéanamh an athuair ar shnáithíní éadaigh a tógadh ó chorp an chailín ag an am, ach le trealamh nua-aimseartha an uair seo.
Thug sí le fios go bhfuil modhanna tástála DNA ar fáil anois nach raibh ar fáil nuair a bhí an fiosrúchán ar bun.
Tógadh sé shampla le baitíní cadáis ó chorp Shiobháin Ní Eidhin ag an am le go ndéanfaí tástáil DNA orthu. Gearradh gach ceann de na baitíní ina dhá leath sa tsaotharlann, rud a d'fhág go raibh dhá shampla dhéag ann ar deireadh.
Dúirt an Dr Jarman nach ndearnadh tástáil ach ar cheann amháin den dá shampla dhéag sin agus cé gur ghnáthchleachtas é sin ag an am, arsa sí, b'fhiú tástáil a dhéanamh ar na samplaí ar fad le chéile anois le go bhfeicfí an dtiocfadh aon DNA chun solais.
Fuarthas corp Shiobháin Ní Eidhin ar imeall na farraige agus ghlac an Dr Jarman leis go mbeadh tionchar ag an sáile ar chaighdeán na samplaí dá bharr sin.
D'easaontaigh an Dr Jarman leis an Dr Dorothy Ramsbottom, saineolaí ar son an Stáit, faoi chuid de thorthaí na dtástálacha.
Dúirt an Dr Ramsbottom gur bhain na tástálacha a rinneadh ag an am le trealamh agus le modhanna tástála a bhí ar fáil ag an am, cad eile, agus go ndearnadh na tástálacha sin go caighdéanach.
Abhcóide John McDonagh, Michael O'Higgins, dúirt seisean nár tástáladh cuid de na samplaí fóiréinseacha ar chor ar bith agus gur cheart iad a thástáil anois.
Dúirt sé gur cuireadh béim sa bhunfhiosrúchán ar anailís a dhéanamh ar shnáithíní a bhain le John McDonagh agus lena ghluaisteán ach nár tugadh aon aird ar shnáithíní a bhain le Siobhán Ní Eidhin.
Os a choinne sin, an Dr Amanda Lennon, saineolaí ar DNA a bhaint as snáithíní éadaigh, dúirt sise nach bhfuil aon athrú tagtha ar bhunphrionsabail na tástála agus nár cheap sí go dtiocfadh aon fhianaise nua chun cinn dá ndéanfaí breis tástálacha sa chás seo. Rinneadh tástálacha cuimsitheacha ag an am, arsa sí.
Leanfar leis an éisteacht amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


