Tá sé tugtha le fios ag an Aire Iompair Darragh O'Brien go ndéanfar "athbhreithniú go seachtainiúil" ar eitiltí idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath agus imní ar dhaoine san iarthuaisceart faoina bhfuil i ndán don tseirbhís laethúil.
Thar aon ní eile, táthar imníoch go mbeidh othair ailse thíos leis de bharr athruithe a cheaptar a dhéanfar ar na heitiltí oibleagáide seirbhíse poiblí ag deireadh na míosa seo.
Tá an carthanas Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall buartha go bhfuil sé i gceist ag an aerlíne a bhfuil an conradh acu na hamanna eitilte a athrú.
Tá an conradh le hathnuachan i gceann coicíse ach is cosúil go bhfuil na heitiltí fillte aonlae atá ar fáil faoi láthair, go bhfuil siad i mbaol.
Cuidíonn Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall le hothair eitiltí agus cóir thaistil eile a chur in áirithe ach tá imní orthu nach mbeidh na daoine sin in ann filleadh ar Dhún na nGall as Baile Átha Cliath an lá céanna má théitear chun cinn leis na hathruithe a bhfuiltear ag caint orthu.
Is daoine ar bheagán fáltais a mbunáite sin – leithéidí pinsinéirí agus daoine atá ag brath ar shochar breoiteachta, a deir an carthanas – daoine nach bhfuil in acmhainn íoc as lóistín sa phríomhchathair gan amhras.
Thug Darragh O'Brien le fios gur chuimhnigh sé féin ar na deacrachtaí a bheadh ag daoine mar iad agus dúirt go gcreideann sé go mbeidh eitiltí ar fáil idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath ar maidin agus tráthnóna i dtólamh nuair a chuirfear an conradh nua i bhfeidhm.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


