Tá €20,000 an duine le híoc ag an Stát le daoine a gortaíodh i dtubaiste an Stardust 45 bliain ó shin.
Maraíodh 48 duine óg i loscadh mór i gclub oíche an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath Oíche na Féile Vailintín 1981.
Gortaíodh thart ar 200 duine eile mar gheall ar an doiteán.
I mí Aibreáin 2024, chinn coiste cróinéara gur marú neamhdhleathach ba chúis le bás gach aon duine den 48.
An tseachtain dar gcionn, i nDáil Éireann, ghabh an Taoiseach ag an am Simon Harris leithscéal foirmiúil thar ceann an Stáit le teaghlaigh na marbh agus leis na daoine a gortaíodh.
Dhearbhaigh Simon Harris freisin an lá sin gur ghlac an Rialtas le cinntí an choiste cróinéara.
I ráiteas a eisíodh tráthnóna, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan go bhfuil na híocaíochtaí de €20,000 a fógraíodh inniu bunaithe ar an méid a tháinig as an gcoiste cróinéara.
Thug sé le fios nach cúiteamh ar ghortú atá san airgead.
Seachas sin, arsa sé, is aitheantas é ar an bhfad millteach aimsire a ghlac sé ar na húdaráis an ceart a dhéanamh leis na fulangaithe agus a bheith ionraic leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


