Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Seans go dtabharfaidh Donald Trump cuairt ar Éirinn san Fhómhar

26 FEABHRA 2026, 14:13

Donald Trump i nDún Beag i 2023 sular toghadh ina uachtarán don dara uair é.
Twitter Facebook

Tá seans go dtabharfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump cuairt ar Éirinn mí Mheán Fómhair rith Craobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann.

Sin é a dúirt Ambasadóir SAM go hÉirinn, Edward Walsh le hócáid tráchtála i mBaile Átha Cliath.

Den chéad uair beidh an craobhchomórtas ar bun in ionad gailf an Trump International ar an Dún Beag i gCo. an Chláir, idir an 10 agus an 13 Meán Fómhair.

San óstán ag an ionad sin a d'fhan Donald Trump nuair a thug sé cuairt oifigiúil ar Éirinn i 2019 i rith a chéad théarma sa Teach Bán, ionad a cheannaigh sé i 2014.

Idir an dá linn, buailfidh an Taoiseach Micheál Martin leis an Uachtarán Trump an mhí seo chugainn nuair a bheidh sé ar cuairt ar Washington d'imeachtaí Lá 'le Pádraig.

Deis é, a deir an Taoiseach, chun an caidreamh stairiúil agus gnaíúil idir an dá thír a cheiliúradh.

Ach, ina ainneoin sin agus an cruinniú bheith ina thraidisiún bliantúil anois, beidh an droch-chaidreamh idir rialtas Trump agus an tAontas Eorpach faoi láthair mar chúlbhrat teann leis an ócáíd.