Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Deireadh le hagóid feirmeoirí i gceannáras Bhord Bia

02 MÁRTA 2026, 19:21

Bhí an agóid ar bun ag na feirmeoirí i gceannáras Bhord Bia ar feadh míosa
Twitter Facebook

Tá baill d'Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann tar éis deireadh a chur leis an agóid a bhí ar bun acu i gceannáras Bhord Bia i mBaile Átha Cliath i ndiaidh don ghníomhaireacht Stáit glacadh le moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar chúrsaí rialachais san eagraíocht.

Le mí anuas, bhí cos curtha i bhfeac ag cúigear feirmeoirí i bhforsheomra fáilte an cheannárais agus bhí feirmeoirí eile i mbun agóide lasmuigh.

Baineann an t-aighneas le ról chathaoirleach Bhord Bia Larry Murrin, duine d'úinéirí an chomhlachta táirgí feola Dawn Farms i gCo Chill Dara.

D'éiligh na feirmeoirí go n-éireodh Larry Murrin as mar chathaoirleach nuair a tháinig sé chun solais go raibh Dawn Farms ag iompórtáil mairteola as an mBrasaíl.

Bord Bia chairman Larry Murrin arrives for the Committee on Agriculture and Food at Leinster House
Larry Murrin

Dar leis na feirmeoirí nach bhféadfadh an Muireánach a bheith ag feadaíl agus ag ithe mine, is é sin a bheith ina chathaoirleach ar eagraíocht a chuireann táirgí bia na hÉireann chun cinn ach ag an am céanna ag tabhairt táirgí bia ón iasacht isteach sa tír.

I ráiteas ó Bhord Bia inniu, fógraíodh go n-éireodh Larry Murrin as an gcúram go sealadach a fhad is a bheadh an t-athbhreithniú á dhéanamh ar chúrsaí rialachais sa ghníomhaireacht.

Is é an Roinn Talmhaíochta a dhéanfaidh coimisiúniú ar an athbhreithniú atá le críochnú faoi dheireadh an Aibreáin, a dúradh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ