Tá fíneáil €98,000 gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar Ollscoil Luimnigh tar éis do chibearfhoghlaithe ionsaí fioscaireachta a dhéanamh ar an gcoláiste agus greim a fháil ar shonraí pearsanta roinnt ball foirne ansin.
Sáraíodh ar na sonraí pearsanta ar dhá ócáid déag idir Samhain 2018 agus Eanáir 2020, cuid acu níos tromchúisí ná a chéile.
Faisnéis aitheantais, sonraí teagmhála, uimhreacha leasa shóisialta, sonraí banc, cáipéisí leighis, cáipéisí dlí, taifid acmhainní daonna, eolas faoi mhic léinn – bhí siad ar fad i measc na sonraí a raibh fáil ag na foghlaithe orthu.
Dúirt an Coimisiún um Chosaint Sonraí nach raibh "na bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla" curtha i bhfeidhm ag Ollscoil Luimnigh lena chinntiú go mbeadh na sonraí sábháilte.
I gcás cuid de na daoine a ndearnadh an feall orthu, dúradh nár chuir an coláiste in iúl dóibh go tráthúil go raibh sárú déanta ar a gcuid sonraí pearsanta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


