Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Tithíocht sa Ghaeltacht: daoine óga beagnach as a ndóchas

03 MÁRTA 2026, 19:11

'Cinniúnt na Gaeltachta i dtreis' – lucht feachtais tithíochta
Twitter Facebook

Chuaigh baill de na grúpaí feachtais Tinteán agus Bánú i mbun agóide taobh amuigh de Dháil Éireann inniu chun aird a tharraingt ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.

Duine de na daoine óga a ghlac páirt sa léirsiú, Aifric Nic Niallais ón eagraíocht Banú, tá faitíos uirthi, a deir sí, nach mbeidh aon Ghaeltacht ann i ngearraimsir mura dtabharfaidh an Rialtas aghaidh ar an ngeárchéim gan mhoill.

Ós as an nGaeltacht í féin, tá an cheist an-ghar dá croí, cad eile. Teastaíonn uaithi baint fúithi sa Ghaeltacht go buan agus clann a thógáil ann, a deir sí, cearta a gcaithfidh sí troid go dícheallach ar a son anois, ar sí.

Dónall Ó Braonáin, duine óg eile as an nGaeltacht a mba bhreá leis fanacht ann, deir seisean go ngoilleann sé air go bhfuil sé i bhfad as a líon teach a fháil ar cíos sa Ghaeltacht, gan trácht ar theach a thógáil ná a cheannach ann.

Donall O Braonain ag agoidiocht
Dónall Ó Braonáin

Tógfar an cheist sa Dáil níos deireanaí, tráth a bpléifear rún atá curtha síos ag Sinn Féin ag éileamh polasaí pleanála a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht láithreach.

Is go mall a mheileann na muilte sin, ámh, agus tá sé tugtha le fios ag an Rialtas cheana nach bhfoilseofar treoirlínte pleanála Gaeltachta go dtí tús na bliana seo chugainn.

Fágann sin go bhfuil folús ann idir dhá linn, agus deacrachtaí go leor dá bhíthin, dar le John Prendergast, Bainisteoir Abhcóidíochta le Conradh na Gaeilge.

Cuir i gcás, ar sé, níl na húdaráis áitiúla cinnte conas coinníollacha teanga a chur i bhfeidhm agus tá scéimeanna teanga curtha ar an méar fhada cheal treoracha pleanála.

John Prendergast ag agoidiocht
John Prendergast ag misniú na léirsitheoirí

Is mó tacaíocht atá an Rialtas a thabhairt don earnáil turasóireachta sa Ghaeltacht ná don phobal áitiúil, dar le Sinn Féin.

Maíonn an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ón bpáirtí sin gur minice anois tithe saoire sa Ghaeltacht a bheith á dtiontú ina dtithe lóistín Airbnb ná ina dtithe cónaithe don phobal.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ