Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Taoiseach cáinte as 'an saothar is lú a chur air féin'

03 MÁRTA 2026, 12:09

Alan Kelly ag iarraidh ar X teacht os comhair Choiste um Meán an Oireachtais
Twitter Facebook

Tá an Taoiseach Micheál Martin cáinte ag an Teachta Dála Alan Kelly ó Pháirtí an Lucht Oibre faoi "gan ach an iarracht is lú" a dhéanamh cur ina luí ar ionadaithe ón meán sóisialta X teacht os comhair Choiste um Meán an Oireachtais.

Is é Alan Kelly cathaoirleach an choiste sin ar dhiúltaigh urlabhraithe ó X teacht os a chomhair an mhí seo caite.

Theastaigh ón gcoiste lucht X a cheistiú faoin aip Grok a bhfuil conspóid tarraingthe aige le gairid.

Baineann an cor is deireanaí sa scéal le gealltanas a thug an Taoiseach don Cheallach sa Dáil. Gheall Micheál Martin go n-iarrfadh sé ar X teacht i láthair an choiste agus sheol sé ríomhphost chuig an gcomhlacht go luath ina dhiaidh sin.

Nuair a d'iarr Alan Kelly cóip den ríomhphost sin ar oifig an Taoisigh, áfach, is amhlaidh a diúltaíodh é.

Tá cóip den ríomhphost faighte ó shin ag RTÉ, más ea, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Dhá abairt atá ann ina ndeirtear gur mian leis an Taoiseach "aird [X] a tharraingt ar an bplé a rinneadh sa Dáil faoin gcuireadh a tugadh don chomhlacht teacht os comhair Choiste um Meán an Oireachtais".

Deirtear ina dhiaidh sin "gur gheall an Taoiseach cumarsáid a dhéanamh le X chun tacú leis an iarratas go dtiocfadh an comhlacht os comhair an choiste sin".

Dar le Alan Kelly gur léir ó ghiorraisce an ríomhphoist sin gur cur i gcéill a bhí ann, nach iarracht dháiríre a bhí déanta ag an Taoiseach agus nach raibh sé ach ag comhlíonadh ar éigean a raibh geallta aige.

D'fhreagair urlabhraí an Taoisigh agus dúirt go ndearna Micheál Martin beart de réir briathair.

Dúirt an t-urlabhraí freisin gur ar an gCoimisiún Eorpach atá an fhreagracht maidir le meáin shóisialta fearacht X.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ