Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Phil Hogan ainmnithe do phost sinsearach bia agus talmhaíochta

03 MÁRTA 2026, 13:13

An t-iarChoimisinéir Eorpach Phil Hogan
Twitter Facebook

Is é an t-iarAire Rialtais de chuid Fhine Gael agus an t-iarChoimisinéir Eorpach Phil Hogan an té atá ainmnithe ag Rialtas na hÉireann don phost mar ard-stiúrthóir ar Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe.

Ní raibh aon duine as an Eoraip ina ard-stiúrthóir ar an eagraíocht sin le leathchéad bliain.

Níl ann ach ainmniúchán, más ea, agus beidh le feiceáil cé na daoine a mbeidh Phil Hogan san iomaíocht leo.

Ní go dtí samhradh na bliana seo chugainn a thoghfar an té atá le teacht in áit QU Dongyu, taidhleoir proifisiúnta as an tSín, atá ina ard-stiúrthóir ó 2019.

Stiúrann an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta taighde agus suirbhéanna agus foilsíonn staidreamh i leith talmhaíochta, foraoiseachta agus iascaireachta le dúil córais bhia an domhain a choinneáil slán.

Seal oifige ceithre bliana a bhíonn ag an ard-stiúrthóir ach tá cead an dara seal a chur isteach.

D'éirigh Phil Hogan as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh i mí Lúnasa 2020 nuair a tháinig sé chun solais go raibh srianta Covid-19 sáraithe aige in Éirinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ