Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

€250,000 i ndamáistí ceadaithe do Gharda a cuireadh ar fionraí

03 MÁRTA 2026, 16:33

Socraíodh an cás san Ard-Chúirt coicís ó shin
Twitter Facebook

Tá os cionn €250,000 i ndamáistí ceadaithe ag an Ard-Chúirt do bhleachtaire sa Gharda Síochána a cuireadh ar fionraí óna phost ar feadh níos mó na trí bliana faoi rothar a thabhairt ar iasacht d'fhear le linn na paindéime Covid-19.

Bhí an rothar i measc roinnt rothar nach raibh a fhios cér leis iad agus a bhí á stóráil sa stáisiún Gardaí i lár tíre ina raibh an bleachtaire ag obair.

Sular thug an bleachtaire an rothar ar iasacht don fhear – comharsa leis – bhí ráite aige leis an oifigeach a bhí os a chionn go raibh rún aige é sin a dhéanamh agus ba chosúil nár mhairg ar bith an scéala don oifigeach sin.

Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, thug na Gardaí ruathar faoi theach cónaithe an bhleachtaire, cuireadh ar fionraí óna phost é, cuireadh fiosrúchán coiriúil ar bun agus cuireadh comhad faoin gcás chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Threoraigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan aon chúiseamh a dhéanamh ar an mbleachtaire.

Bhí an bleachtaire ar fionraí óna phost idir Meitheamh 2020 agus Lúnasa 2023 agus thug sé cás díobhála pearsanta in aghaidh triúr feidhmeannach Stáit – Coimisinéir an Gharda Síochána, an tAire Dlí agus Cirt agus an tArd-Aighne – faoi ghéarleanúint a dhéanamh air as rud chomh suarach.

Socraíodh an cás san Ard-Chúirt coicís ó shin faoi réir rúndachta.

Ní hé sin deireadh an scéil, ámh, ó tá athbhreithniú breithiúnach á lorg ag an mbleachtaire maidir leis an gciorrú a rinneadh ar a thuarastal nuair a bhí sé ar saoire breoiteachta.

Tá an cás sin le teacht os comhair cúirte an tseachtain seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ