Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear ciontach i ndúnmharú fir a bhfuarthas a chorp i gcairéal

03 MÁRTA 2026, 16:01

Stephen Ring a bhfuarthas a chorp i gcairéal i Loch Garman mí Dheireadh Fómhair 2024
Twitter Facebook

Gearrfar príosún saoil ar fhear 42 bliain d'aois as Co Loch Garman a phléadáil ciontach inniu i ndúnmharú fir 27 bliain a bhfuarthas a chorp i gcairéal sa chontae sin i mí Dheireadh Fómhair 2024.

Sin é Christopher Judge, as Páirc na Dara, Cluain Ard, i Loch Garman, a phléadáil ciontach sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i ndúnmharú Stephen Ring a bhí ar iarraidh ar feadh dhá lá dhéag nó gur thángthas ar a chorp i gCairéal Charraig an Phoill, sé chiliméadar siar ó bhaile Loch Garman.

D'admhaigh Christopher Judge inniu gur ina theach cónaithe féin i bPáirc na Dara a dhúnmharaigh sé Stephen Ring ar an 15 Deireadh Fómhair 2024.

Dhá lá ina dhiaidh sin, chuir máthair Stephen Ring in iúl do na Gardaí go raibh a mac ar iarraidh agus tháinig beirt pháistí ar a chorp i lochán sa chairéal ar an 27 Deireadh Fómhair.

An mhí seo caite, gearradh sé bliana príosúin ar bhean 35 bliain d'aois, Jane Corcoran, as cuidiú le Christopher Judge corp Stephen Ring a chur i bhfolach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ