Bhásaigh bean 54 bliain d'aois san ospidéal coicís ó rinneadh ionsaí uirthi ina teach cónaithe i gCo Cheatharlach.
Ba í sin Linda Costello a raibh cónaí uirthi sa Ghráig agus ar bhain drochghortuithe di nuair a ionsaíodh í ar an 26 Márta.
Tugadh í ar an gcéad ásc chuig Ospidéal Ginearálta Lúcáis i gCill Chainnigh agus as sin go hOspidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, áit ar éag sí Dé hAoine seo caite.
Ghabh na Gardaí fear sna daichidí faoin ionsaí, scaoil siad saor é gan aon chúiseamh a dhéanamh air agus tá an cás curtha faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí acu.
Tá an cás á fhiosrú ag na Gardaí i gcónaí, a deir siad.
Bhí Linda Costello ina cónaí cheana i nDíseart Diarmada i gCo Chill Dara agus i mBaile Baodáin i mBaile Átha Cliath.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


