Tá triúr, buachaill sna déaga ina measc, gafa maidir leis an bhfiosrúchán atá ar bun faoi ionsaí ar stáisiún póilíní san Lorgain i gContae Ard Mhacha í Mí Márta.
Tiománadh gaireas isteach i stáisiún na bpoilíní san Lorgain i gContae Ard Mhacha ar an 30 Márta.
Bhí an gaireas a bhí ar aon mhéid le mála cáipéisí, curtha isteach i mbúit ghluaisteáin seachadta bia gasta agus dúradh leis an tiománaí an carr a thiomáint chomh fada le stáisiún na bpoilíní.
Deir poilíní gur gabhadh fear 48 bliain d'aois agus buachaill 15 bliain d'aois ar maidin faoi reachtaíocht sceimhlitheoireachta.
Gabhadh bean 39 bliain d'aois chomh maith as cúrsaí na córa a chur as riocht, bac a chur ar phoilíní agus as cabhrú le ciontóir.
Gabhadh an triúr i gceantar na Lorgan.


