Níos túisce tráthnóna bhailigh na céadta ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le fáilte abhaile a chur roimh na bhfeachtasóirí ar son na bPailistíneach a gabhadh ar bord longa fóirthinte sa Mheánmhuir Dé Luain seo caite.
11 saoránach Éireannach a bhí i gceist agus bhí a muintir agus a lucht tacaíochta ag an aerfort le fáilte abhaile a chur rompu.
Bhí na saoránaigh ar bord eitleáin a d'fhág cathair Istanbul sa Tuirc ar maidin inniu.
Bhí deirfiúr an Uachtaráin, An Dr. Margaret Connolly ar dhuine de na saoránaigh sin.
Ghabh trúpaí Iosrael í féin agus suas le 400 duine eile a bhí ar bord flotilla de longa éagsúla a bhí ar an mbealach go Gaza le cabhair fóirthinte.
Deir roinnt den dream sin go bhfuair siad íde, drochúsáid agus gur fhulaing siad ionsaithe gnéis agus bualadh fad is a bhí siad á gcoinneáil ag údaráis Iosrael.
Tá na líomhaintí sin á séanadh ag Iosrael.


