Is ag iarrthóir Fhine Gael,Seán Kyne atá an suíochán i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar.
Ar an 11ú comhaireamh i mBóthar na Trá chuaigh sé chun cinn ar an aon iarrthóir eile sa rás,Noel Thomas ó Éire Neamhspleách.
An toradh:
Seán Kyne 19,218 Noel Thomas 16,519
B'iad vótaí aistrithe an chomhairleora Helen Ogbu (Lucht Oibre), iarrthóir a bhí curtha as an áireamh sa 10ú comhaireamh a chinntigh an bua don Uasal Kyne.
12,960 vóta a bhí aicise i ndiaidh an 10ú comhaireamh.
Dáileadh iad sin ansin.
Fuair Seán Kyne 4,249 díobh sin agus fágadh Noel Thomas le 1,273 vóta aistrithe.
Díol suntais go bhfuair Helen Ogbu, an comhairleoir ó chathair na Gaillimhe beagnach 13,000 ina céad toghchán ar an staid náisiúnta..
Shamhlódh cuid mhór go mbeidh Ogbu ag seasamh sa chéad olltoghchán eile agus go mbeidh rath uirthi.


