Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cill Chainnigh amuigh as an gcraobh iomána

24 BEALTAINE 2026, 17:09

Baile Átha Cliath buacach ar na cait
Twitter Facebook

I bPáirc Pharnell i mBaile Átha Cliath tráthnóna buaileadh Cill Chainnigh arís i gCraobh na bliana seo agus chinntigh bua Uíbh Fhail in aghaidh Chill Dara go bhfágann na cait slán leis an gcomórtas.

Den chéad uair le 30 bliain ní bheidh Cill Chainnigh páirteach sa chraobh iomána lasmuigh dá gcúige.

Samhradh fada a bheidh ann dóibh anois.

Tá Baile Átha Cliath áfach sa gcluiche ceannais de chraobh iomána an chúige.

Imreoidh siadsan iománaithe na Gaillimhe a bhuail Loch Garman inniu as baile.

Faoi cheann coicíse a bheidh an cluiche sin.

Bhí Baile Átha Cliath ró-mhaith inniu do Chill Chainnigh sa dara leath agus chinntigh poc éirice 20 nóiméad ón deiridh nach sárófaí iadsan.

1-24 le 0-21 a chríochnaigh an cluiche sin.

I gCúige Mumhan bhí bua éasca ag Corcaigh ar an Chlár sa chraobh iomána, imreoidh Corcaigh i gcoinne Luimnigh anois sa gcluiche ceannais ansin.

24 May 2026; Shane Barrett of Cork gets away from Rory Hayes of Clare during the Munster GAA Senior Hurling Championship Round 5 match between Cork and Clare at SuperValu Páirc Uí Chaoimh in Cork. Photo by Piaras Ó Mídheach/Sportsfile
Bua cuimsitheach ag Corcaigh

Ainneoin gur chaill na Cláirínigh tá siad fós fanta sa chomórtas craoibhe ach is léir go gcaithfidh 'an banner' feabhsú má tá siad le dul níos faide an Samhradh seo.