Is féidir go bhfeicfear, lá éigin an tseachtain seo, an teocht is airde riamh mí Bealtaine in Éirinn, dar le Met Éireann.
28.4C an teocht is airde riamh mí Bealtaine, teocht a taifeadadh an 31 Bealtaine 1997 in Ard Fearta i gCiarraí.
Is iondúil, dar le Met Éireann go mbíonn na teochta is airde an mhí seo sna déaga seachas sna ficheadaí, agus go bhfuil sé neamhghnátach an teocht bheith ag dul thar 20C an t-am seo bliana.
Chonacthas 24.8C inné ag stáisiún aimsire Pháirc an Fhionnuisce inné, agus go mbeidh an teocht inniu idir 23C agus 28C. San Oirthear is teo a bheidh sé.
Tá súil le hathrú Déardaoin nuair a fheicfear báisteach anoir-aneas chugainn, rud a chuirfidh ísliú ar an teas, a leanfaidh isteach chuig deireadh seachtaine na Cincíse.
Tá fainic á chur ar an bpobal faoi dhul ag snámh i rith na dea-aimsire, faoi chúram ar leith a dhéanamh do pheataí agus d'ainmhithe agus faoi ungadh gréine a úsáid leis an gcraiceann a chosaint ó dhó gréine.
Sháraigh an teocht sa Tuaisceart na taifid inné freisin agus 23.4C bainte amach ag stáisiún aimsire Ard Mhacha.


