Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bean á ceistiú maidir le himeacht agus dúnmharú Kyran Durnin

25 BEALTAINE 2026, 12:57

Twitter Facebook

Gabhadh bean sna caogadaí ar maidin lena ceistiú mar chuid den bhfiosrúchán faoi imeacht Kyran Durnin gan tásc gan tuairisci agus faoina dhúnmharú.

Tá an bhean á coinneáil ag stáisiún Garda in oirthear na tíre, agus is í an tríú duine atá gafa mar chuid den bhfiosrúchán. Tá cuardach á dhéanamh ag teach i nDroichead Átha, Co. Lú de bhun bharántais.

Cuireadh Gardaí ar an eolas mí Lúnasa 2024 go raibh Kyran Durnin, sé bhliana d'aois ag an am, ar iarraidh.

Dúradh le Gardaí ar dtús nach raibh sé feicthe le roinnt laethanta, ach tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin go raibh Kyran ar iarraidh le nach mór dhá bhliain faoin am sin.

Bhí sé curtha in iúl dá scoil samhradh 2022 nach mbeadh sé ar ais an chéad téarma eile.

Chuir Gardaí fiosrúchán dúnmharaithe ar bun agus rinneadh cuardach ar theach i nDroichead Átha.

Mí na Nollag 2024, gabhadh bean a bhí tráth ina cónaí sa Ríocht Aontaithe maidir leis an bhfiosrúchán, ach scaoileadh saor gan chúiseamh í ina dhiaidh sin.

Gabhadh Anthony Maguire, fear a raibh aithne aige ar na mbean sin, lena cheistiú faoi dhúnmharú Kyran, agus cuardaíodh a theach i nDroichead Átha. Ceistíodh Maguire faoi eolas míchruinn a thabhairt do Tusla faoi imeacht Kyran gan tásc gan tuairisc.

Scaoileadh Maguire saor gan chúiseamh, ach fuarthas básaithe ag a theach cónaithe sé lá níos deireanaí. Tragóid phearsanta a thug Gardaí ar a bhás.

Tá na fiosrúcháin ag leanúint ar aghaidh.