Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cuardach ar bun in Ard Mhacha do Seamus Maguire

26 BEALTAINE 2026, 17:13

Seamus Maguire atá ar iarraidh i dTuaisceart Éireann ó 1976
Twitter Facebook

Táthar i mbun cuardaigh i gContae Ard Mhacha inniu do fhear atá ar iarraidh ó aimsir na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann, Seamus Maguire.

D'fhuadaigh agus mharaigh paramíleataigh poblachtánacha Seamus Maguire as Achadh Gallan cóngarach don Lorgain agus cuireadh go rúnda é i 1976. Bhí sé 29 bliain d'aois ag an am.

Seamus Maguire passport photo BW
Seamus Maguire atá ar iarraidh ó 1976

In 2022 , chuir an Coimisiún Neamhspleách um Aimsiú Taisí Íospartach ainm Sheamus Maguire leis an liosta dóibh siúd atá fós ar iarraidh ó aimsir na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann.

Seo an chéad uair go bhfuiltear i mbun cuardaigh sa cheantar dá chuid taisí.

Beidh an cuardach dírithe ar dhá acra talún agus ar thalamh feirme.