Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ceathrar maraithe i dtionóisc sa Bheilg

26 BEALTAINE 2026, 14:34

Láthair na timpiste i dtuaisceart na Beilge
Twitter Facebook

Maraíodh ceathrar i dtionóisc a tharla idir mionbhus agus traein sa Bheilg.

Tharla an timpiste i dtuaisceart na tíre ag crosaire comhréidh i mbaile Buggenhout i gceantar Fhlóndras.

Emergency services pictured at the scene of an collision between a train and a minibus in belgium

Tharla an tionóisc thart ar 8:08am ar maidin, tuairim is ciliméadar ón stáisiún traenach.

Maraíodh beirt leanaí, 12 agus 15 bliain d'aois agus beirt eile.

Tuairiscítear go raibh seachtar ar an mbus ag an am. Bhí an mionbhus ag taisteal chomh fada le scoil do ghasúir le riachtanaisí speisialta oideachais. Tuigtear go raibh formhór na ngasúr a bhí ar bord ag an am sna déaga.

Níl a fhios go fóill cad ba chúis leis an tionóisc ach deir Rialtas na Beilge go bhfuil fiosrúchán ar bun.

Tuigtear nár gortaíodh aon duine a bhí ar an traein.