Deir Met Éireann go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 31 céim inniu, teocht is airde níor taifeadadh riamh sa tír seo i mí na Bealtaine.
30.6 céim a taifeadadh ag tráth amháin inné ag Aerfort na Sionainne, teocht a rug barr ar an 29.7 céim a taifeadadh ní ba luaithe inné i mbaile Cheatharlach.
Tá foláireamh buí teasa i bhfeidhm in ocht gcontae sa Stát nach dtiocfaidh deireadh leis go dtí 6 a chlog tráthnóna.
Is iad na contaetha sin Ciarraí, Luimneach, An Clár, Tiobraid Árann, Gaillimh, Cill Chainnigh, Laois agus Uíbh Fhailí, áit a mbeidh an teocht níos airde ná 27 céim, cúig chéim déag i gcaitheamh na hoíche anocht.
Go ginearálta, is idir 22 céim agus an 31 céim as miosúr úd a bheas an teocht is airde in Éirinn inniu.
Sin é foirceann na hana, arae deir na meitéareolaithe gur aimsir is gnách don am seo bliana a bheas againn arís ó amárach.
Go deimhin, d'fhéadfadh ceathanna báistí titim sa deisceart agus san iarthar amárach.
Ardbhrú ó lár na hEorpa a tharraing aneas chugainn aer fíorthe ó thuaisceart na hAfraice a deir na meitéareolaithe is siocair leis an teaspach millteanach.
Ní gnách sin go bláth an tsamhraidh agus is dóichí gur athrú aeráide is cionsiocair leis an teacht roimh am, dar leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


