Níl aon seans go gcomhlíonfaidh an tír seo a hoibleagáidí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú as seo go ceann ceithre bliana, ná baol air, a deirtear i dtuarascáil nua ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Fiú dá gcuirfí i bhfeidhm a bhfuil á chur i bhfeidhm cheana i dteannta a bhfuil caint ar a chur i bhfeidhm faoi láthair, dá gcuirfí gach ceann de na bearta sin i bhfeidhm ina n-iomláine ní bheadh ann ach leath a dteastaíonn lenár n-oibleagáidí dlíthiúla náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh faoi 2030, de réir na tuarascála.
Faoin Acht Aeráide 2021, caithfidh astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a bheith 51% níos ísle faoi 2030 ná mar a bhí in 2018.
Go comhuaineach leis sin, faoi rialúchán an Aontais Eorpaigh, caithfidh astaíochtaí na tíre seo a bheith 42% níos ísle faoi 2030 ná mar a bhí in 2005.
An comhshaol a chosaint go honnghníomhach, folláine agus sláinte an phobail a fheabhsú agus deireadh a chur le breoslaí iontaise a dhó na hoibleagáidí ginearálta atá i dtreis.
Chuige sin, tá sé geallta ag an Rialtas tuilleadh gluaisteán leictreach a chur ar fáil, chomh maith le tuilleadh caidéal teasa, tuilleadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaithe, tuilleadh leictreachais a iompórtáil agus níos lú beithíoch sa tréad náisiúnta.
Fíneálacha ollmhóra an pionós a ghearrfar ar Éirinn, de réir dlí, mura mbainfear amach na spriocanna céatadánacha.
Beidh ar an tír seo idir €8 mbilliún agus €26 billiún a íoc le ballstáit eile an Aontais Eorpaigh sa chás sin, ar dóichí é ná a mhalairt faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


