Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt maraithe i dtimpistí bóthair in áiteanna éagsúla

27 BEALTAINE 2026, 12:10

Bhásaigh fear óg in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath tar éis timpiste bóthair a bhí i gCo Loch Garman inné
Twitter Facebook

Maraíodh beirt i dtionóiscí bóthair a bhí in áiteanna éagsúla sa tír ó arú inné.

I gCo Loch Garman, gortaíodh go han-dona ógánach sna déaga déanacha nuair a bhuail a ghluaisrothar agus gluaisteán faoina chéile ar bhóthar an R742 i mBaile an Mhuine i gCill Mhucraise ag thart ar 3.30 inné.

Tugadh é go hOspidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, mar ar éag sé níos deireanaí.

Níor gortaíodh aon duine eile sa tubaiste.

Bhásaigh bean sna hochtóidí san ospidéal go moch ar maidin inné tar éis timpiste bóthair a bhí i gCo an Chláir arú inné.

Paisinéir ab ea an bhean i gceann de dhá ghluaisteán a bhuail faoina chéile ar bhóthar an R352 gar do Mhaigh Mór sa Tullach ag thart ar 3.30 ar an Luan.

Gortaíodh go dona tiománaithe an dá ghluaisteán, mná sna caogaidí, agus tá cóir leighis á chur orthu in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach.

Agus tá bás fir sna daichidí i gcathair Luimnigh inné á fhiosrú ag na Gardaí ansin.

Bhain tubaiste éigin don fhear agus é ag rothaíocht ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath i mBaile an Ghaill.

D'fhág sé láthair na tubaiste agus chuir na seirbhísí éigeandála cóir leighis air ina dhiaidh sin i dteach.

Bhásaigh an fear go gairid ina dhiaidh sin, áfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ