Tá na seirbhísí éigeandála ar láthair thionóisce a tharla ar bhóthar an N17 i gCo Mhaigh Eo idir Cnoc Mhuire agus Cill Cheallaigh tráthnóna inniu.
D'imigh bus le Bus Éireann den bhóthar ag an acomhal idir an N17 agus an L1913.
Tá an tSeirbhís Dóiteáin agus na Gardaí ar an láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


