Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cás Bill Kenneally: 'faillí déanta ag Gardaí ina ndualgas'

09 MEITHEAMH 2026, 15:11

Bill Kenneally a bhfuil téarma príosúin naoi mbliana déag á chur isteach aige
Twitter Facebook

Deirtear i dtuarascáil a foilsíodh inniu go ndearna oifigigh shinsearacha sa Gharda Síochána "faillí shoiléir agus thromchúiseach ina ndualgas" i 1987 agus i 1988 nuair nár fhiosraigh siad i gceart cás Bill Kenneally, péidifileach as Port Láirge a bhfuil téarma fada príosúin á chur isteach aige as a choireanna.

Go deimhin, bhí an fhaillí a rinne na Gardaí soiléir agus tromchúiseach de réir ghnáis na linne – 1987 agus 1988 – gan gnáis an lae inniu a bhac, a deirtear.

Is i dtuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin a bunaíodh leis an gcás a fhiosrú atá an tátal neamhbhalbh sin.

Mar le toradh na faillí a rinne an Garda Síochána, is é a bhfuil le rá sa tuarascáil gurb iad na buachaillí óga a ndearna Bill Kenneally ionsaithe gnéasacha orthu idir 1979 agus 1990, gurb iad a bhí agus atá thíos leis.

D'admhaigh Bill Kenneally, cóitseálaí cispheile, go raibh ionsaithe gnéasacha déanta aige ar bhuachaillí nuair a cheistigh Gardaí sinsearacha é i 1987.

Mhaígh sé ó shin gur thug sé ainmneacha seachtar buachaillí do na Gardaí ag an am.

Níor cúisíodh é in aon chion ag an am, ámh, agus lean sé air ag déanamh ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí.

Níor labhair na Gardaí arís leis go dtí 2012 nuair a rinne duine de na buachaillí gearán.

Is ar dhaoine áirithe a chuirtear an milleán sa tuarascáil agus tugtar le fios ann nár thángthas ar aon fhianaise go ndeachaigh údaráis an Stáit i gclaonpháirt le chéile chun Bill Kenneally a chosaint agus chun a chinntiú nach gcuirfí an dlí air.

Chomh maith leis na Gardaí, cáintear col ceathar Bill Kenneally, an t-iarTheachta Dála Brendan Kenneally ó Fhianna Fáil, as gan teagmháil a dhéanamh leis na gníomhaireachtaí cosanta leanaí in 2001, tráth ar tarraingíodh a aird ar a raibh déanta ag a fhear gaoil.

Tá téarma príosúin naoi mbliana déag á chur isteach ag Bill Kenneally as ionsaithe gnéasacha a dhéanamh ar chúig bhuachaill déag.

Creideann na Gardaí, áfach, gur ionsaigh sé buachaillí eile chomh maith, ceithre dhuine dhéag ar a laghad, dar leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ