Rinneadh díobháil do mhaoin, tithe cónaithe ina measc, le linn círéibeacha a bhí sa Tuaisceart aréir, ceantair dhílseacha i mBéal Feirste go háirithe.
Dúirt seirbhís dóiteáin agus tarrthála an Tuaiscirt go ndeachaigh an fhoireann i ngleic le 62 eachtra in áiteanna éagsúla idir 7 a chlog agus an mheán oíche aréir.
Dúradh freisin gur tháinig 21 aonad dóiteáin as limistéir éagsúla i gcabhair ar a gcomhghleacaithe i mBéal Feirste a raibh an iomarca ar a gcúram acu.
Is é an t-ionsaí scine a rinneadh ar fhear i dtuaisceart Bhéal Feirste arú aréir a deirtear a spreag na círéibeacha agus tugadh fear de bhunadh na Súdáine os comhair cúirte inniu tar éis do na póilíní é a chúiseamh in iarracht a dhéanamh ar dhúnmharú.
Is in oirthear Bhéal Feirste a bhí an foréigean ba thromchúisí aréir.
B'éigean do lucht dóiteáin daoine a thabhairt amach as tithe cónaithe a cuireadh trí thine ar Shráid Lannraig agus lasadh bus ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda, an príomhbhóthar sa chomharsanacht chéanna.
Aire Dlí agus Cirt an Tuaiscirt, Naomi Long ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, cháin sí na círéibeoirí agus chuir ina leith gur ar scáth an pobal a chosaint a chuaigh siad i muinín an fhoréigin nuair is amhlaidh is díobháil atá siad a dhéanamh don phobal i ndáiríre agus a fhios sin acu.
Dúirt sí cé gur thuig sí an imní a bhí ar dhaoine tar éis an ionsaí scine nár cheart ligean don fhuath an lámh in uachtar a fháil.
Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O'Neill ó Shinn Féin, dúirt sí gur bithiúnas a bhí sna círéibreacha, go háirithe na hionsaithe a rinne daoine a raibh púicíní orthu ar thithe cónaithe, ar iompar cladhartha é sin, arsa sí.
Dúirt an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly ón DUP, nach é a leas ach a aimhleas a dhéanann foréigean do gach aon chúis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


