Tháinig fear 30 bliain d'aois os comhair cúirte i mBéal Feirste ar maidin inniu agus é cúisithe in iarracht a dhéanamh ar fhear sna daichidí a dhúnmharú i dtuaisceart na cathrach arú aréir.
Is é Hadi Alodid as an tSúdáin ó dhúchas an cúisí a bhfuil seoladh aige in Ascaill Dhún an Chairn in iarthar Bhéal Feirste.
Is ar nasc físe a tháinig sé os comhair na cúirte.
Chomh maith leis an iarracht ar dhúnmharú, tá Hadi Alodid cúisitshe i scian a bheith ina sheilbh aige agus i mbagairt oibrí ospidéil a mharú.
Tá fíor-dhrochbhail san ospidéal ar an bhfear a líomhnaítear a sháigh an cúisí.
Dúradh sa chúirt go raibh leathshúil caillte ag an bhfear agus go raibh an leathshúil eile leonta go dona.
Scoradh freisin é san éadan agus sa droim.
Níor ghlac Hadi Alodid le hionadaíocht dhlíthiúil agus ní dúirt se aon ní nuair a cúisíodh é.
Is ateangaire a labhair leis thar ceann na cúirte.
Cuireadh siar faoi choinneáil Hadi Alodid agus tá sé le teacht os comhair na cúirte arís i gceann ceithre seachtaine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


