"Ábhalmhór" atá an chontúirt a bhaineann le creimeadh cósta in Éirinn anois, dar le saineolaithe i nGaillimh.
I bpáipéar oibre a choimisiúnaigh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide ó Ollscoil na Gaillimhe, deirtear nach féidir fancht go dtí go "scuabfar chun bealaigh" daoine agus a dtithe sula rachfar i ngleic leis an gceist.
Moltar go láidir don Rialtas sa pháipéar na córais ábhartha dhlíthiúla agus airgeadais a bhunú gan mhoill lena chinntiú go mbeidh áiteanna cónaithe nua agus an bonneagar cuí ina dteannta, go mbeidh siad ar fáil do na daoine a bheas thíos leis lá na cinniúna.
Tugtar le fios sa pháipéar nach bhfuil suirbhé ar chreimeadh cósta déanta ach in ocht gcontae as na naoi gcontae dhéag a mbaineann an scéal leo.
Mar leis na hocht gcontae sin, tá beagnach 2,300 áitreabh agus 570 ciliméadar d'fhad bóthair i mbaol ó chreimeadh cósta agus is cinnte gur a dhá oiread sin a bheas i gceist faoi 2050, a deirtear.
Tá an eolaíocht an-soiléir, tá sé ann le blianta fada agus tá foláirimh tugtha le blianta fada freisin, a deir údar an pháipéir.
Ina fhianaise sin, a deir siad, ní féidir leis an Rialtas agus na pobail a mbaineann creimeadh cósta leo, ní féidir leo ligean orthu féin nach feasach iad cén toradh a bheas air.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


