Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Triúr as an India maraithe ar long a d'ionsaigh fórsaí Mheiriceá

11 MEITHEAMH 2026, 11:44

Íomhá a d'eisigh na Meiriceánaigh den long a d'ionsaigh siad amach ó chósta Óman
Twitter Facebook

Maraíodh triúr mairnéalach as an India inné nuair a d'ionsaigh fórsaí míleata na Stát Aontaithe an long a raibh said uirthi amach ó chósta Óman.

Dúirt Rialtas na hIndia gur soitheach tráchtála a bhí sa long agus go raibh sí cláraithe i bPoblacht Oileáin Palau.

Tá gearán oifigiúil déanta ag an India leis na Stáit Aontaithe faoi mharú an triúir agus is í an dara long a d'ionsaigh na Meiriceánaigh an tseachtain seo a raibh daoine as an India ag obair uirthi.

Dé Luain seo caite, tharrtháil na húdaráis in Óman 24 mairnéalach as an India a bhí ar long eile a ionsaíodh sa limistéar céanna.

Is ar héileacaptar a tugadh i dtír na mairnéalaigh ón long agus í trí thine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ