Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Comhráite faoin gComhlimistéar Taistil tar éis ionsaí scine

11 MEITHEAMH 2026, 10:29

Bóthar trasteorann i gCo an Dúin
Twitter Facebook

Bhí comhráite ag Rialtas na hÉireann, Feidhmeannas Stormont agus Rialtas na Breataine faoin gComhlimistéar Taistil idir na dlínsí i bhfianaise an ionsaí scine i mBéal Feirste oíche Dé Luain seo caite.

Tá sé i gceist ag na húdaráis sa Bhreatain níos mó seiceálacha inimirice a dhéanamh ag críochfoirt ar fud na dlínse sin, an Comhlimistéar Taistil san áireamh.

Dúirt Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn go raibh "ceisteanna le freagairt" ag na húdaráis sa Stát seo ós oifigigh inimirce i mBaile Átha Cliath a lig isteach in Éirinn ar an gcéad dul síos an fear as an tSúdáin atá cúisithe san ionsaí scine.

Chuaigh an fear, Hadi Alodid, go Béal Feirste in 2023 agus ceadaíodh dó fanacht ann an bhliain chéanna agus stádas teifigh aige.

Dúirt urlabhraí an Aire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan gur phléigh sé féin agus polaiteoirí sinsearacha sa Tuaisceart agus sa Bhreatain an tábhacht a bhaineann le comhoibriú trasteorann.

Tá sé tugtha le fios ag an Rialtas go gcomhoibreoidh siad le haon fhiosrúchán a dhéanfar faoi Hadi Alodid agus faoina theacht go hÉirinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ