Tá rátaí úis ardaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach den chéad uair le beagnach trí bliana le súil ráta an bhoilscithe sa limistéar euro a ísliú.
Os cionn 3% atá ráta an bhoilscithe faoi láthair seachas an 2% a theastaíonn de réir pholasaithe eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh.
Is é daoirsiú fuinnimh de bharr na coimhlinte sa Mheánoirthear is cúis le ráta an bhoilscithe a bheith chomh hard.
Go teoiriciuil, ar an gcuid is lú de, nuair a ardaítear rátaí úis laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas; agus nuair a laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas moillíonn ráta an bhoilscithe.
Tá eacnamaithe áirithe den bharúil, áfach, nach gá rátaí úis a ardú mar go bhfuil an t-éileamh ar chreidmheas íseal cheana féin.
Ardú de 0.25% a fógraíodh inniu agus fágann sin gur 2.25% atá sa phríomhráta úis anois.
Tuairimítear freisin go n-ardófar rátaí úis arís roimh dheireadh na bliana.
An t-ardú a fógraíodh inniu, rachaidh sé i gcion láithreach nach mór ar dhaoine a bhfuil morgáiste rianúcháin acu.
Daoine a bhfuil ráta úis athraitheach acu ar mhorgáiste de €300,000, cuir i gcás, beidh thart ar €37 breise le híoc ar ais acu gach mí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


