Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Creidmheasa fuinnimh de dhíth i bhfad roimh an mBuiséad'

11 MEITHEAMH 2026, 15:54

Is in Éirinn atá na praghsanna fuinnimh is airde san Eoraip' – Sinn Féin
Twitter Facebook

Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an Rialtas creidmheasa fuinnimh a thabhairt isteach arís tar éis don Choimisiún um Rialáil Fóntais tabhairt le fios go bhfuil riaráistí fuinnimh ar os cionn 500,000 líon tí sa Stát.

Ag labhairt dó le linn Cheisteanna na gCeannairí i nDáil Éireann, mhaígh urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty gur in Éirinn atá na praghsanna fuinnimh is airde thar aon tír eile san Eoraip agus dúirt nár mhór creidmheasa fuinnimh a thabhairt isteach gan mhoill seachas fanacht go dtí an Buiséad san fhómhar.

"Cén bhrí ach gur ardaigh Electric Ireland a bpraghasanna an tseachtain seo caite", arsa an Dochartach, "agus gan gíog ná míog as an Rialtas ná oiread agus siolla ráite acu faoi?".

Thug sé le fios go raibh daoine ina dháilcheantar féin i nDún na nGall ag teacht chuige agus ag rá leis go raibh siad ag streachailt lena gcuid billí.

Doine iad seo, ar sé, nach raibh i dtrioblóid riamh cheana.

An tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, d'fhreagair sé agus dúirt nach ndéanfadh an Rialtas aon chinneadh go dtí go gcuirfí ar fáil tuarascáil faoi chreidmheasa fuinnimh atá á réiteach ag tascfhórsa speisialta.

Dúirt an Búrcach chomh maith go raibh na bearta tacaíochta do theaghlaigh a thug an Rialtas isteach cheana, go raibh siad ar na bearta ab fhearr san Eoraip.

D'fhógair Electric Ireland coicís ó shin go raibh siad leis na táillí leictreachais agus gáis a ghearrann siad ar chustaiméirí baile a ardú ón 1 Iúil.

Ardú 8% ar tháillí leictreachais agus ardú 7.7% ar tháillí gáis atá i gceist.

Tá táillí ardaithe ó thús na Bealtaine ag PrePayPower, agus d'ardaigh Energia agus SSE Airtricity a dtáillí féin i ndeireadh na bliana seo caite.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ