Tá an Tánaiste agus an tAire Airgeadais Simon Harris tar éis a rá go mbeidh an Rialtas i mbun machnaimh as seo go ceann coicíse faoi dheireadh a chur leis an gciorrú sealadach atá déanta acu ar an dleacht ar pheitreal agus díosal.
Déanadh an ciorrú tar éis do phraghas an breosla ardú go mór le linn na cogaíochta san MeánOirthear, ach tá praghas ola tite go suntasach ó fógraíodh go bhfuil margadh déanta faoi shos comhraic idir Meiriceá agus an Iaráin.
Tá an laghdú a déanadh ar na dleachtaí ar bhreosla le críochnú deireadh mhí Iúil, tráth a bhfuil sé i gceist iad a ardú an athuair - muna bhfuil sé sin déanta ag an Rialtas as seo go sin.

Deir an Tánaiste "go bhuil cúrsaí an-luaineach go fóill agus tá sé feicthe arís is arís eile againn chomh corrach is atá an margadh fuinnimh".
Ag labhairt a bhí sé ag an bPlé Náisiúnta Eacnamaíochta ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ag a bhfuil ceardchumainn, fostóirí agus grúpaí deonacha ag leagan amach a gcuid tosaíochtaí roimh an mBuiséad mí Dheireadh Fómhair.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin ag an gcomhdháil "nach féidir gach ardú i gcostas fuinnimh a mhaolú" ach go gcaithfear "praghasanna go fad-téarmach a laghdú".
Deir an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers go bhfuil súil aige go dtosóidh "réamh-chomhráití" faoi chomhaontú nua náisiúnta pá "sna laethannta amach romhainn".
Tá praghas ola tite níos ísle ná bhí sé ó mhí an Mhárta tar éis an fhógra go raibh Meiriceá agus an Iaráin chun conradh síochána a shíniú roimh dheireadh na seachtaine rud a scaoilfidh loingeas ola an athuair tré Chaolas Hormuz.

$4.40 - sin 5% - de laghdú atá tagtha ó mhaidin ar phraghas amhola Brent, agus é anois níos lú ná $83 an bairille.
Tá áisíneacht nuachta Mehr san Iaráin ag tuairiscí go greidtear go mbeidh an Caolas ar oscailt, agus slán ó mhiannaí, as seo go ceann 30 lá.
Tá na milliúin bairille ola nach ndeachaigh ar an margadh le ráithe ó dúnadh an Caolas - as a dtagann an cúigiú cuid d'ola agus de ghás nádúrtha leachtaithe na cruinne - de bharr ionsaí na Stát Aontaithe agus Iosrael ar an Iaráin deireadh mhí Feabhra.
Ach tá lucht infheistíochta cáiréiseach faoin tréimhse ama a bheidh ag teastáil sula mbeidh caoi curtha ar threalamh táirgíochta ola ar fud Mhurascaill na Peirse a bhfuil scrios agus dochar ollmhór déanta dhó le linn na cogaíochta.


