Tá na Gardaí atá i mbun fiosrúcháin faoi Jo Jo Dullard agus Deirdre Jacob a bheith ar iarraidh go fóill tar éis tabhairt an athuair faoi chuardach ar limistéar talún gan crann gan fásra i gceantar i gCill Mhantáin le cois na teorann le Cill Dara.
An tseachtain seo caite a thug na Gardaí agus na Fórsaí Cosanta - faoi na socruithe faoi chuidiú leis an gcumhacht shibhialta - faoi shuirbhé den limistéar.
Beidh sé le cuardach agus le cartadh anois agus tochailt dlí-eolaíoch le tarlú as seo go ceann roinnt laethanta.
Tá an obair ar bun ag an Meitheal Athbhreithniúcháin Tromchoireanna, an Biúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil agus Gardaí as Rannóg Chill Dara/Cheatharlach, le tacaíocht ón mBiúró Náisiúnta Teicniúil agus Gardaí Rannóg Chill Mhantáin.
Cuardaíodh an áit cheana mí Feabhra seo caite.
Deir na Gardaí gur hinsíodh do mhuintir Jo Jo agus muintir Dheirdre faoin gcuardach an athuair agus go gcoinneofar ar an eolas iad.
Tá na Gardaí ag impí arís go dtéadh daoine a bhfuil aon eolas acu, bíodh sé beag nó mór, i dteagmháil leo ar 1800 666 111.
21 a bhí Jo Jo Dullard nuair a chuaigh sí go Baile Átha Cliath le ghabháil amach ag casadh le daoine, an 9ú lá de mhí na Samhna 1995.
Níor éirigh léi a bheith ar an mbus deireanach abhaile go Cill Chainnigh agus chuaigh sí ar bhus go Nás na Rí i gCill Dara le ghabháil ar an ordóig as sin abhaile go Callainn.
Fuair sí 2 shíob as Nás na Rí go Maoin i gCo Chill Dara agus as sin ghlaoigh sí ar chara léi ag 11.37 i.n.
Níl tásc ná tuairisc ó shin uirthi.
Facthas Deirdre Jacob a bhí 18 go deiridh thart ar a 3 a chlog tráthnóna an 28ú Iúil agus í ag gabháil trasna an bhóthair le ghabháil isteach abhaile san Droichead Nua i gCo Chill Dara.


